Príosún Chill Mhaighneann

Chuaigh me ar ais go Príosún Chill Mhaighneann ag an deireadh seachtaine agus mar is gnách, bhí na treoraithe go léir an-lách linn.  Tá aithne agam ar roinnt mhaith acu ós rud é go raibh taispeántas agam sa phríosún cúpla blian ó shin.

Éagnairc nó “Requiem” a thug mé ar an dtaispeántas sin agus bhí an saothar ealaíona lonnaithe agam ar chúl dhóirse faoi ghlas i gcillíní sa Phríosún – gan feiceáil orthu ach trí pholl faire an gharda.   Bhí an-spéis agam i bPríosúin Chill Mhaighneann mar go raibh m-athair, Piaras Mac Lochlainn, mar chéad choimeadaí ar an iarsmalann ann.  Rinne sé eagarthóireacht ar na foilseacháin: Last Words agus Ghosts of Kilmainham ach cailleadh é, áfach, nuair nach raibh mise ach deich mbliana d’aois.

Bhí an taispeántas seo i gcuimhne mo athair ar dtús báire ach cé gur mar Éagnairc a thosaigh sé, bhí athmhachnamh ar idéalachas na nglúnta a tháinig romhainn ag eascairt as agus athscrúdú ar an stair i gcomhthéacs an 21ú h-aois.   Seo cúpla desna pictiúirí ón dtaispeántas sin.

 

Comhghuaillithe na Réabhlóide
Sa bhaile
Glaine inár gcroí, neart inár ngéag is beart de réir ár mbriathar
Fágadh iad in Eachdhroim…

 

2 comments

Leave a Reply, I'd like to hear your viewpoint.