Bíonn roinnt desna scéalta ar mo bhlag i nGaeilge ar ndóigh ach beidh mé ag cur nótaí anseo freisin, ó am go h-am, faoi mo scéalta ealaíne i saol na Gaeilge.
Cáisc 2019 – Scannán i Ros Muc…
Rinne Marcus Howard ó Easter Rising Stories scannán faoin togra “Ag Seasamh an Fhóid” a d’eagraigh Nuala Ní Fhlathúin agus mé fhéin i 2016. Tá sé foilsithe aige anois agus is féidir é a fheiscint anseo
Is féidir níos mó a léamh faoi anseo
Scoil Samhraidh an Phiarsaigh, Ros Muc, 2016
Mar chuid de chlár Scoil Samhraidh an Phiarsaigh a bhí ar siúl i Ros Muc i Mí Iúl i mbliana, bhí seans againn (Nuala Ní Fhlathúin agus mé fhéin) léiriú a thabhairt ar ár dtogra ealaíne: “Ag Seasamh an Fhóid”. Thaispeáin mise an gearrscannán: “Ar Theacht an tSamhraidh” don chéad uair agus chruthaigh Nuala píosa ealaín suiteála thíos ag Loch an Turlaigh Bhig don deireadh seachtaine.
Nuair a bhí an chuid fhoirmeálta thart agus an phobail ag scaipeadh, d’imigh mise agus mo dheartháir (Fearghas) trasna go dtí Teach an Phiarsaigh aríst. Bhí soilse fós ar lasadh ag Scoil an Ghort Mhóir ach bhí muidne linn fhéin i gcoim na h-oíche. Chuir muid an teilgeoir ar siúl agus sheas muid ansin, le sceitimíní do-inste orainn, agus muid ag faire ar na h-íomhánna tochtmhara ag teacht agus ag imeacht ar bhinn tí an Phiarsaigh. ‘Sé seo thíos an scannán ar theilg muid…
https://www.youtube.com/watch?v=ffGUrATnnm4
Buíochas le Dia, bhí an aimsir tirim, bhí an oíche galánta agus d’oibrigh gach rud gan stró don ócáid speisialta seo. Tá níos mó scríofa agam faoi seo ag:
https://emacl.wordpress.com/2016/08/04/clandestine-projection-in-connemara/
Tréimhse mar ealaíontóir cónaithe in Áras Éanna, Inis Oírr, 2014
Chaith mé tréimhse an-thaithneamhach ar Inis Oírr i Mí Aibreáin, 2014. Bhí an aimsir go h-iontach agus an bhliain dár gcionn, bhí taispeántas agam in Áras Éanna, a d’oscail ar an 31ú lá de mhí Bealtaine, 2015 agus a lean ar feadh míosa.
Taispeántas i mBéal Feirste ag tús 2013
Bhí taispeántas agam i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mí Eanáir i mbliana. Dídean/ Home an teideal a bhí air. D’oscail Róisín Ní Chéileachair é go h-oifigiúil ar an 17ú lá de mhí Eanáir. Is féidir roinnt mhaith den saothar a fheiscint anseo. Chuir Sarah de Búrca as Meon Eile agallamh orm ar an oíche agus is féidir é sin a fheiscint anseo.
i mí Mheithimh 2012…
Tá mé tar éis tréimhse míosa a chaitheamh thuas i Mín a’ Leá i nGaeltacht Dhún na nGall. Is ceantar álainn í ach caithfear a admháil go dtiteann go leor báistí ann ó am go h-am. Caithfear a admháil gur thit roinnt mhaith den bháisteach sin i mí Mheithimh i mbliana ach, cén dochair – bhí mise ag fanacht i gCló Ceardlann na gCnoc. Nuair a bhí an ghrian ag taithneamh chaith mé an t-am ag spaisteoireacht sna sléibhte (dhreap mé an Earagail agus an Eachla mór). Má bhí sé ag cur báistí, bhí mé in ann ‘bheith ag obair sa cheardlann. D’fhoghlaim mé roinnt mhaith faoi eitseáil agus clóbhualadh agus, faoin am a bhí an mí caite agam, bhí mé tar éis eagrán de 25 clóbhuailtí a chruthú. Is pictiúr den Earagail a bhí ann agus beidh sé i dtaispeántas níos déanaí i mbliana i Salford Shasana.
Ar Imeall, TG4 !
Bhí mé ar an gclár teilifíse ‘Imeall’ le déanaí, ag caint le Sinéad Ní Mhaonaigh faoi mo thaispeántas ealaíne “Home” in Ollscoil Luimnigh. Is féidir an t-agallamh sin a fheiceáil trí cliceáil ar anseo
Caoineadh/Elegies i gCaisleán an Bharraigh, Lúnasa, 2008
Bhí oíche iontach againn i gCaisleán an Bharraigh ag tús mí Lúnasa, 2008 nuair a d’oscail Treasa Ní Cheannabháin an taispeántas “Caoineadh/Elegies” dom in ionad ealaíne an Linenhall.
Is amhránaí ar an sean nós í Treasa agus chum sí: “Ali” – amhrán faoi dhílleachtín ón Iaráic. (Canann a h-iníon Róisín Elsafty “Ali” ar an dlúthdhiosca “Má bhíonn tú liom, bí liom”). Bhuel, ba mhór an onór domsa go dtáinig Treasa agus a fear chéile, an Dochtúir Elsafty, agus triúr dá chlann (agus colcheathrar freisin) chuig an oscailt oifigiúil. Tar éis na ‘speeches’, chas Zahrah agus Naisirín Elsafty “Ali” dúinn agus chuir siad gliondar ar chroí ghach duine a bhí ann!
Bhí sé an-dheas go raibh meascán de dhaoine as tíortha éagsúla ann ag an oscailt, agus 3 theangachaí éagsúla á labhairt — Bhí Gaeilgeoirí ann, Béarlóirigh, daoine ón Éigipt, ó Shasana, ón Alban, ón Ghearmán agus ó Mheiriceá…
Tá mé an-bhuíoch as an tacaíocht a fuair mé ó am go h-am ó Bhord na Gaeilge/Foras na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Ealaín na Gaeltachta agus Gael Linn.
Leabhar na Bliana 2007
Fógraíodh gearrliosta Chomórtais Litreartha an Oireachais do Ghradam Uí Shúilleabháin – Leabhar na Bliana 2007 ag ócáid speisialta i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, dé Máirt, an 19ú lá de mhí Meán Fómhair, 2007.
Bhí Aiséirí / Requiem ar an ngearrliosta sin ! Tá 24 dánta le Ciarán Ó Coighligh san leabhar seo agus 24 ghrianghrafanna den ealaín a bhí sna cillíní i bPríosún Chill Mhaighneann i 2005. Tá aiste faoin dtaispeántas freisin le Brenda Moore McCann.
Fógraíodh an buaiteoir ag Oireachtas na Gaeilge i gCathair na Mart i mí na Samhna, 2007 ach níor bhuaigh muidne.
Mo Scéal Fhéin
Rugadh i mBaile Átha Cliath mé i 1959. Bhí m-athair Piaras agus mo mháthair Móna ag obair sa Stáitseirbhís, agus nuair a phós siad, chinn siad ar an chlann a thógaint le Gaeilge. Bhí deichniúr againn ann. Chuaigh na buachaillí ar scoil i gColáiste Mhuire, Cearnóg Pharnell, agus na cailíní i Scoil Chaitríona agus Coláiste Íosagáin. Rinne mé an Ard Teist san bhliain 1977.
Tá mé pósta le Fionnuala Rockett ón bhliain 1988. D’fhás sise suas i gCill Mochua i deisceart Chontae Chill Chainnigh. Tháinig sí go Baile Átha Cliath i 1981. Chas muid le chéile i gCumann Naomh Uinsionn de Pól (Comhaltas Mhuire gan Smál – comhaltas iarscoláirí Choláiste Mhuire).
Tá mé ag obair mar ealaíontóir go lán aimsireach anois ó 1991. Déanaim iarracht de ghnáth teidil i nGaeilge a chur ar mo chuid oibre. Tá mé an-bhródúil as ár gcultúr Gaelach agus ceapaim go bhfuil sé iontach támhachtach sna laethanta seo é a chaomhnú.
Mise agus Fionnuala Rockett i Mí Márta, 2008