Saoire Tíre / Into the West

photo by Eoin Mac Lochlainn of the sea of Inis Oírr, Aran Islands
Scroll down for the English text

Léigh mé le déanaí go raibh Cuan na Gaillimhe ar cheann desna trí lochanna is mó in Éirinn fadó.  Loch Lurgan, nó Loch na gcnoc fada a thugtí air.  Is dóigh go raibh sé níos mó ná Loch nEachach, an loch is mó anois.  Ach céard a tharla?

Bhris an tAtlantach isteach agus scuab sí léi na sléibhte a bhí ag timpeallú an locha agus fágadh Oileáin Árann ina luí ag béal an chuain nua  – agus sin mar a tharla, de réir an tseanchais.

watercolour by Eoin Mac Lochlainn of Burren landscape

Agus bhí muidne ar saoire ar bhruacha an tseanlocha.  D’fhan muid le mo dheartháir agus a chlann san Spidéal.  Bhí an-time againn ann.  Ar aghaidh linn ansin, síos go dtí an Bhoirinn, áit ar chaith muid cúpla lá ag spaisteoireacht thart.  Bhí an t-ádh linn leis an aimsir an babhta seo(!)  Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch.  Bhí sé go hálainn ar fad.

Thaisteal muid trasna go dtí Inis Oírr ansin agus chas muid leis an bhfile Dara Ó Conaola. Tá leabhar nua filíochta aige – “Ag caint le Synge” – agus CD deas ag dhul leis. Is Dara a d’oscail mo thaispeántas ealaíne in Áras Éanna cúpla bliain ó shin.

oil painting by Eoin Mac Lochlainn of Tinteán tréigthe (empty hearth)
Tinteán Tréigthe XXVI,  oil on canvas, 50 x 50 cm

Pictiúirí ola de thinteáin tréigthe a bhí ar siúl agam ag an am, cosúil leis an gceann thuas. Tagann na mílte daoine ar chuairt ar an oileán i rith an tsamhraidh agus ní dóigh liom go bhfuil mórán tithe tréigthe ann na laethanta seo.  Is dócha go mbíonn sé i bhfad níos ciúine ann i ndúlaíocht an gheimhridh.

Mar fhocal scoir – tá cúig bhailte ar Inis Oírr agus bhí muidne ag fanacht i mBaile an Lurgain.  N’fheadar cá bhfuair sé an t-ainm sin?!

photo by Eoin Mac Lochlainn of stone wall on Inis Oírr, Aran islands

Yes, I was just saying that, according to legend, Galway Bay was once the largest lake in Ireland.  It was called Loch Lurgan.  It must’ve been a big storm but the Atlantic Ocean broke through and the only bits of land that were left was the three Aran Islands. I suppose that if we don’t act fast about the Climate Crisis, they won’t be there for much longer either. That would be a terrible shame.

Such a wonderful place to visit, with the friendly welcome, the rich culture, the stone walls, the limestone pavements and especially, the deep blue sea. I was an artist-in-residence there some years ago, at Áras Éanna Arts Centre, and had a solo exhibition there in 2015.

photo by Eoin Mac Lochlainn of Inisheer

Yes, you probably know by now that I’m “into the West”  Aren’t you?

Áras Éanna

Dara Ó Conaola

https://www.oliviercornetgallery.com/eoin-mac-lochlainn

 

4 comments

  1. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch?! Is this a first?!

    Ach i ndáiríre, tá teachtaireacht thábhacht faoi athrú aeráide anseo…

    Like

  2. Is the first of the sea a photo or a painting, I honestly can not tell.
    Excellent work Kevin k.

    Like

Leave a Reply, I'd like to hear your viewpoint.

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s