Invitation to Cill Rialaig – Siar go deireadh an domhain mhóir

photo by Eoin Mac Lochlainn of panaroma o the sea at Cill Rialaig

Scroll down for English language version.

Beidh mé ag taisteal síos go Chontae Chiarraí go luath, le tréimhse cónaithe a chaitheamh i Chill Rialaigh.  Tearmann álainn í – leathdhosaen botháin athchóirithe ar thaobh sléibhe, ag breathnú amach ar an bhfarraige, ag breathnú siar, siar go dtí deireadh an domhain mhóir…

Bhainfeadh na radhairceanna an anáil díot. Ní féidir dhul níos faide siar ar thalamh in Éirinn. (Cinnte, tá Sceilg Mhichíl níos faide amuigh fós – ach d’fhéadfaí a rá nach áit domhanda í sin).

Bhunaigh Noelle Campbell Sharp an tearmann tuaithe seo i 1991 i sean-sráidbhaile amuigh ar Cheann Bhólais, ag deireadh Leithinis Uíbh Ráthaigh agus tá níos mó ná 4000 ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí agus filí tar éis tréimhse a chaitheamh ann ó shin i leith.

Photo of artist's retreat in Cill Rialaig, Co. Kerry

Má leanann tú an bóthar siar, níos faide siar ná na botháin, tiocfaidh tú go dtí sean-ráth nó sean-iarsmaí de shórt eicint ar thaobh na láimhe deise. Is cuimhin liom, chaith mé roinnt mhaith ama ansin an uair deirineach, ag sceitseáil, ag smaoineamh agus ag ligint le mo shamhlaíocht. Nach aoibhinn beatha an ealaíontóra (!).

Seo cúpla sceitse thíos a chruthaigh mé an uair deirineach. An fheadar céard a bheas ar siúl agam an bhabhta seo. Tá súil agam go mbeidh aimsir réasúnta againn. Bíonn an t-ádh liomsa go h-iondúil agus mé san iarthar (!)

(Dia idir sinn agus an t-olc)

charcoal drawings by Eoin Mac Lochlainn of standing stones at Cill Rialaig, Co. Kerry, Ireland

Well, you might say that Cill Rialaig in Co. Kerry is like Sorrento on the Bay of Naples (except there are fewer Italians, and there’s no volcano, and it’s never too hot) but like Sorrento, the old stone buildings are perched on the side of a cliff, looking out over a beautiful bay…

You might even say that it’s nicer, actually – because the scene keeps changing all the time. Sometimes we have Mediterranean blue skies, then it’s mighty Atlantic gales, then the crystal sparkling of sunshine on sea, then cool grey mists and then, breathtaking sunsets sinking in the western ocean.

It’s where artists go in search of inspiration and I was lucky enough to be invited there recently, to spend some time far from the madding crowd.  Really looking forward to it!  Yes, I suppose it rains there most days at this time of year but… the rain brings forth rainbows.

Tuilleadh eolais faoi Cill Rialaigh (nó Cill Rialaig mar a litríonn siadsan í) ag:

Cill Rialaig Arts Centre

https://www.oliviercornetgallery.com/

Article about Cill Rialaig on Irish Central

 

 

5 comments

  1. I can’t read the Irish, but following the links I get a sense of where you are going. It looks idyllic, what a wonderful project in support of artists wanting a creative retreat, and a great opportunity for you. Wondering what other artists will be there and how you will inspire each other. Looking forward to seeing what fruits it bears.
    I like the sketches very much.

    Like

    • Hello again Alastair, I’ve been away from the computer the last few weeks as I’ve been down in Cill Rialaig. Thanks for sending me the link to your mother’s paintings, I really liked them. Yes, I was delighted to get the fortnight in Cill Rialaig, it really is a special place. all the best for now, eoin

      Liked by 1 person

Leave a Reply, I'd like to hear your viewpoint.

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google photo

You are commenting using your Google account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s