A fox in my garden – an rud is annamh is iontach!

Photo by Eoin Mac Lochlainn of vixen and cubs in Harolds Cross

First of all, thanks to you, my internet friends who re-subscribed to Scéalta Ealaíne. It’s great to have you back after all that GDPR fuss. Today’s post is in Irish – and there’s also a foxy video below – for your delectation.

Chuala mé sionnach i lár na h-oíche. Ní fhaca mé é mar bhí sé ró-dhorcha sa ghairdín. An oíche ina dhiaidh sin chuala mé aríst é (nó í). Screadach uaigneach dodhearmadta ar nós bean sí, is dócha. (Níor chuala mé bean sí riamh).

Anois is arís feicimid sionnaigh ar an mbóthar agus muid ag siúl abhaile ach níor chuala mé ceann sa ghairdín roimhe seo. Ach tá gairdín cúil fiáin againn agus tá go leor fásra ann. An fheadar an raibh an sionnach ina chónaí ann, i ngan fhios dúinn?

An mhaidin dár cionn chuaigh mé amach sa ghairdín. Bhí éiníní ag canadh ins na crainn. Bhreathnaigh mé faoi na sceacha ach ní fhaca mé aon rud. Bhreathnaigh mé taobh thiar den chró ach ní fhaca mé aon sionnach ansin ach oiread. Chuaigh mé isteach agus bhí bricfeasta mór maith agam.

An oíche sin chuala mé an sionnach aríst! Bhí sé ró-dhorcha ar ndóigh agus ní fhaca mé aon rud. Thit mé i mo chodladh.

Chuaigh an t-am thart agus tháinig an t-earrach. Bhí na laethanta ag dul chun síneadh. Bhí an lon dubh ag canadh ag titim na h-oíche. Bhí sé níos gile sa ghairdín anois. Oíche amháin thug mé faoi dearadh go raibh rud éigin ag corraí sa ghairdín. Bhí sionnach ina luí ag an bhalla agus bhí beirt coileáin ag diúil aice! Bhí siad an-óg agus bhí siad go h-álainn.

Ní raibh na coileáin rua go fóill – bhí cótaí liath orthu. Bhí an máthair an-aireach. Rinne sí cúram maith dá mhuirín bheag. Chomh luath agus a chonaic sí mise, léim sí agus sciob sí léi na páistí agus sciuird siad leo as radhairc.

Ach filleann siad anois is aríst. Níor chaill fear (nó bean) an mhisnigh riamh é. Tá scannáinín beag thíos faoi seo a chuireadh gliondar ar do chroí. Tá na coileáin níos mó anois. Tá Mamaí fós an-aireach…

Bliain na Gaeilge

Irish Wildlife Trust

http://www.oliviercornetgallery.com/

Advertisements

5 comments

Leave a Reply, I'd like to hear your viewpoint.

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

w

Connecting to %s