Rising – Ardú Meanman !

Rising exhibition at Mount Argus, curated by Eoin Mac Lochlainn
Eitleoga le Nuala Ní Fhlathúin

A new video two weeks in a row – I may be losing the run of meself – but I was curating a group exhibition entitled “Rising” for the Harold’s Cross Festival last weekend and a video seemed like the best way to show it. Note: If you can’t see the video link below this, simply click into the blog itself.

 

So… chuir go leor daoine spéis in eitleoga Nuala Ní Fhlathúin (thuas ag barr), eitleoga a chruthaigh sí le neantóga triomaithe. Bhí an cuma orthu go raibh siad ag éirí in airde, ag tabhairt ardú meanman dúinn agus iad ar foluain insan Seomra Uachtarach i Mount Argus. Tá mé fhéin agus Nuala ag obair le chéile ar thogra ealaíne eile, togra faoin bPiarsach i Ros Muc agus mar sin, bhí sé an-dheas go raibh a cuid ealaíne san taispeántas seo freisin, leis an ceangal idir an dá áit a leiriú.

Bhí sraith de phictiúirí le Lorcan Walshe againn freisin, sraith aghaidheanna thaibhsiúla (ceann amháin acu thíos) a thug chun cuimhne na daoine go léir a cailleadh in Éirí amach na Cásca.

Painting of Head by Lorcan Walshe in Rising exhibition curated by Eoin Mac Lochlainn at Mount Argus, Dublin
Head-Study-2 by Lorcan Walshe

Bhí físeán le Ricí Ní Chléirigh ann chomh maith, físeán ina raibh beirt ag cniotáil agus ag scaoileadh geansaithe de olann dearg. Mheabhraigh sé dom an támhacht a bhí leis na mná san éirí amach cé gur tugadh neamhaird orthu le fada an lá. Ní thugtar mórán measa do “obair ban” riamh, is dócha, cé go bhfuil an saol ag brath air… Lean an léiriú seo a rinne Ricí agus a h-iníon, naoi n-uair a’ chloig.

video installation at Mount Argus by Rici Ni Chleirigh in the Rising exhibition curated by Eoin Mac Lochlainn
Físeán le Ricí Ní Chléirigh

Bhuel, thaispeáin mise mo phortráid den Piarsach, ach bhí pictiúr theibí agam chomh maith (an ceann dearg thíos).  Fadó, d’iarr Fr. Ralph orm pictiúr a dhathadh dó – nuair a bhí stiúideo agam i mbóitheach taobh thiar de shean-mhainistir Mount Argus.  Thaistigh uaidh pictiúr a bheadh bunaithe ar Pháis Chríost. Cheap mé go mbeadh sé spéisiúl é seo a chur san taispeántas chun tagairt a dhéanamh don ceangal idir na manaigh agus na hÓglaigh agus chomh maith le sin, an ceangal idir Éirí amach na Cásca agus bás agus aiséirí Chríost.

abstract painting by Eoin Mac Lochlainn at Mount Argus, Dublin
‘An Pháis’ le Eoin Mac Lochlainn

Anois, nóta faoin oscailt oifigiúil – bhí an t-ádh linn go raibh an file Catherine Ann Cullen linn chun an taispeántas seo a oscailt. Labhair sí go tuisceanach, dea-chroíoch faoi na h-oibreacha ealaíne agus – creid nó ná chreid – ach bhí dán scríofa aice go speisialta don ócáid. Agus thug sé sin ardú meanman dúinn freisin.

Más mian leat níos mó a fheiscint, tá cúpla nascanna thíos faoi seo…

http://emacl.com/

http://www.lorcanwalshe.com/

https://nuaealain.wordpress.com/

www.haroldscross.org

Catherine Ann Cullen

Advertisements

One comment

Leave a Reply, I love to hear from you

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s