art, Gaeilge

Oireachtas na Samhna – serious fun!

photo by Eoin Mac Lochlainn of the dancer Ríonach Ní Néill
Ríonach Ní Néill, rinceoir

Now, if you’re an Irish speaker, you’ll know about Oireachtas na Samhna but for others, well yes, it’s the main Irish language arts festival of the year. Such fun! Singing, dancing, music, play acting, literature – everything – but then, the visual arts haven’t been well-represented in recent years until… well, let me tell you about last week.

A chairde, tá ‘s agaibh faoi na comórtaisí éagsúla do dhaoine óga agus do dhaoine fásta agus tá ‘s agaibh ar ndóigh faoin chraic iontach i gClub na Féile ach – seans nár thug sibh “Parlaimint na nDán” faoi deara. Bhí sé ar siúl dé Céadaoin seo chaite ag a seacht a chlog. Chuir ceathrar ealaíontóirí, ó dhisciplíní éagsúla, saothar nua ealaíne i láthair agus an téama a bhí acu ná:  ról an ealaíontóra i 1916 agus insan gcomóradh speisialta a bhéas ar siúl an bhlian seo chugainn.

An ceathrar a bhí i gceist ná Ríonach Ní Néill (thuas), Marcus Mac Conghail, Nuala Ní Fhlathúin agus Diarmuid de Faoite, agus bhí Páraic Breathnach ina “Cheann Comhairle” ar an ócáid. Bhí go leor le rá ag ghach duine (!) ach chuir mise spéis faoi leith i saothar Nuala Ní Fhlathúin as Baile na hAbhann.

photo by Nuala Ni Fhlathuin
grianghraf le Nuala Ní Fhlathúin

Labhair sí linn faoi na daoine a chur drámaí ar siúl sna blianta roimh 1916, drámaí, glóiréimthe agus tableaux vivant le spreagadh a thabhairt don lucht féachana. Bhí éirí amach ar siúl ar an stáitse sular thárla sé ó cheart sa phríomhchathair. Thárla an t-ealaíon ar dtús an babhta sin!

Ach bhí spéis áirithe aice sna h-éadaí diomailteacha agus sna clóchaí iontacha a chaith na h-aisteoirí agus thosnaigh sí ag déanamh iontais cén sórt dathanna a bhí orthu (ní raibh ach grianghrafanna dubh agus bán aice ó Mhúsaem na bPiarsach). Rinne sí roinnt taighde ansin ar chonas dathanna a chruthú go nádúrtha. Neantóga! Rinne sí anraith neantóg ach níor ól sí é. Aoibhinn na dathanna éagsula gur féidir a chruthú leis. Daichead chineál uaine. Dúghlas, gléghlas, úrghlas, bánghlas, fionnghlas… Braitheann sé cén t-am den bhlian a phiocann tú na neantógaí, a dúirt sí linn, nó cé chomh fada is a bheireann tú an t-uisce.

Ach bí cúramach, a chairde!   Ná bí ag rince i measc na neantóg, gan stocaí ná bróga ar bhúr gcosa!!!

http://www.antoireachtas.ie/

https://nuaealain.wordpress.com/

http://firkincrane.ie/new-dance-curator-rionach-ni-neill/news/new-dance-curator-rionach-ni-neill/

http://emacl.com/

 

Advertisements

Leave a Reply, I love to hear from you

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s