An invitation to the end of the world – siar, siar go deireadh an domhain mhóir

photo by Eoin Mac Lochlainn of panaroma o the sea at Cill Rialaig

 

Beidh mé ag taisteal síos go Chontae Chiarraí i mbliana, le tréimhse cónaithe a chaitheamh i gCill Rialaig. Tháinig an cuireadh gan choinne chugaim, aisteach go leor, ach sin mar a thárlaíonn, de réir dealraimh. Tearmann álainn í, Cill Rialaig, leath dosaen botháin athchóirithe ar thaobh sléibhe, ag breathnadh amach ar an bhfarraige, ag breathnadh siar i dtreo Meiriceá… Ní féidir dhul níos faide siar ar thalamh in Éirinn – cheapfá go raibh tú ag deireadh an domhain. (Cinnte, tá Sceilg Mhichíl níos faide amuigh fós – ach d’fhéadfaí a rá nach áit domhanda í sin). Bhí mé ann tráth agus tá mé ag tnúth go mór le dhul ar ais aríst. Bhainfeadh na radhairceanna an anáil díot.

Bhunaigh Noelle Campbell Sharp an tearmann tuaithe seo i 1991 i sean-sráidbhaile amuigh ar Cheann Bhólais, ag deireadh Leithinis Uíbh Ráthaigh agus tá níos mó ná 3000 ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí agus filí tar éis tréimhse a chaitheamh ann ó shin i leith.

Má leanann tú an bóthar siar, níos faide siar ná na botháin, tiocfaidh tú go dtí sean-ráth nó sean-iarsmaí de shórt eicint ar thaobh na láimhe deise. Is cuimhin liom, chaith mé roinnt mhaith ama ansin an uair deirineach, ag sceitseáil, ag smaoineamh agus ag ligint le mo shamhlaíocht. Nach aoibhinn beatha an ealaíontóra (!).

Sin cúpla sceitse thíos a chruthaigh mé an uair deirineach. Tá mé ag ceapadh go mbeidh mé ag iarraidh an spéir a dhathadh an babhta seo. Tá súil agam go mbeidh aimsear réasúnta againn. (Bíonn an t-ádh liomsa go h-iondúil agus mé san iarrthar!)

(Dia idir sinn agus an t-olc)

charcoal drawings by Eoin Mac Lochlainn of standing stones at Cill Rialaig, Co. Kerry, Ireland

Tuilleadh eolais faoi Chill Rialaig ag:

http://irelandofthewelcomes.com/home/once-a-famine-village-now-an-artists-haven-cill-rialaig/

http://cillrialaigartscentre.org/

 

Advertisements

3 comments

  1. I can’t read the Irish, but following the links I get a sense of where you are going. It looks idyllic, what a wonderful project in support of artists wanting a creative retreat, and a great opportunity for you. Wondering what other artists will be there and how you will inspire each other. Looking forward to seeing what fruits it bears.
    I like the sketches very much.

    Like

Leave a Reply, I'd like to hear your viewpoint.

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s