Featured on Irish television

Don’t worry, I’ve no intention of annoying you by writing more frequently (normally, it’s about once a week) but today I heard that I’ll be on TV this Thursday so that’s my reason for writing again so soon. Watch Imeall on TG4, the Irish language TV channell. The name Imeall translates as ‘the Edge’. http://www.tg4.ie/en/programmes/imeall.html

Tristan Rosenstock ón chlár Imeall, TG4 i Mín a' Leá
Tristan Rosenstock ón chlár “Imeall” ar TG4, i Mín a’ Leá

So, bhí mé thuas i nDún na nGall anuraidh, ag caitheamh tréimhse cónaithe i gCló Ceardlann na gCnoc agus tháinig Tristan Rosenstock ón chlár teilifíse Imeall ar chuairt orm. Chaith muid maidin le chéile, ag caint is ag comhrá faoi saol an ealaíontóra agus mar sin de.  Shiúil muid ar an sean-bhóthar iarann agus chaith muid seal ag spaisteoireacht sna sléibhte. Bhain mé an-taithneamh as an lá, bhí Tristan an-dheas agus tá súil agam go mbeidh an chlár a bhéas á chur i láthair aige spéisiul agus taithneamhach mar is gnách.

Agus bhí mé ag caint leis freisin faoin bhfile Cathal ó Searcaigh agus faoi dán áirithe a bhí scríofa aige, dán dár teideal dó “Na Bailte Bánaithe”. Dán faoi na daoine a mhair sa cheantar tráth agus mar a mhaireann siad go fóill i gcuimhne na h-áite. Mar a scríobh sé:

iad ag tionól ar na seanfhóid i mbailte beaga bánaithe na mbunchnoc, i Mín na bPoll, i bProchlais, i Min na gCapóg…

Agus dúirt mé leis go raibh mé ag lorg na seanbhailte seo, ag dreapadh isteach i seantithe tréighte, ag sceitseáil is ag smaoineamh, ag iarraidh sórt eicint teagmháil a dhéanamh leo b’fheidir, leo siúd –     i mbéal an uaignis. Agus thosnaigh mé sraith nua pictiúirí de thinteáin tréighthe…  Seans go mbeidh taispeántas agam am eicint des na sean-tinteáin seo.

empty-hearth-3

tuilleadh eolais ag http://www.eoinmaclochlainn.com

Advertisements

4 comments

Leave a Reply, I'd like to hear your viewpoint.

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s